Coimisinéiri Amhrasach Faoina ról

The following article by Eoin Ó Murchú was first published in Unity, the weekly paper of the Irish Communist Party.

Léirigh Pól Deeds, coimisinéar teanga ó thuaidh, agus Séamas Ó Concheanainn, coimisinéar teanga ó dheas, imní faoi ghnéithe éagsúla de chur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga ag Comhdháil Chumann na gCoimisinéir Teanga i nGaillimh an tseachtain seo caite.

Dúirt Deeds nach léir dó go bhfuil aon fhís ag polaiteoirí ó státshéirbhísí ó thuaidh don reachtaíocht nó do fheidhmiú na n-oifigí teanga.

Dúirt sé nach raibh na státsheirbhísigh diúltach don reachtaíocht ach nach dtuigeann siad luach na mionteangacha, is mar gheall air sin nach bhfuil an fuinneamh nó na acmhainní riachtanach curtha ar fáil.

Mar an gcéanna ó dheas. Cé go bhfuil sprioc leagtha síos ag an Rialtas go mbeadh 20% d'earcaithe chun na státseirbhíse ina gcainteoirí Gaeilge faoin mbliain 2030, deir Ó Concheanainn nach bhfeiceann sé go bhfuil aon dul chun cinn á dheanamh chun an sprioc sin a bhaint amach.

Dúirt sé go bhfuil sé "criticiúil" go mbeadh "sainaonad" ag plé leis an bpleanáil sa Roinn Caiteachais Phoiblí do bhreis daoine le Gaeilge agus go mbeadh an sainaonad sin ag cur "tuairiscí rialta" ar fáil faoi cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an bplean. Dúirt sé go bhfuil teip i ndán do phlean an rialtais feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge, gan cur chuige ceart ionraic.

Leave a Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *